zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
18 June 2026
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.
Mír rialta leis an Dochtúir Delap ag freagairt ceisteanna ó éisteoiri agus ag tabhairt comhairle sláinte don phobal agus plé ar Seachtain Idirnáisiúnta Sláinte na bhFear ar siúl an tseachtain seo.
3 min
18 June 2026
Aindriú Mac Niallais as Gaoth Dobhair a bhfuil baint aige le Railí idirnáisiúnta Dhún na nGall ón bhliain 1987.
Ag cur síos ar an bhaint a bhí aige leis an railí le daichead bliain, an obair a bhíonn ar siúl aige le linn an railí agus an ról a bheas aige i railí na bliana seo.
12 min
18 June 2026
Maighréad Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
5 min
18 June 2026
An ceantálaí Eamonn Mac Giolla Bhríde as Gaoth Dobhair agus an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh.
Ag caint ar an tionchar a bheas ag na rialacha úra a d’fhógair an Roinn Tithíochta maidir le daoine ar mian leo tithe a ligean go gear téarmach ar Airbnb ó suíomhanna de mhacasamhail le hiarracht a dhéanamh níos mó tithe a bheith ar fáil ar chíos go fad téarmach.
12 min
18 June 2026
Brídanna Ní Bhaoill agus Eilín Uí Bhaoill ó Seanachas Sheáin Néill.
Seolfar an leabhar “Maith Thú A Mhicí” le Micí Sheáin Néill Ó Baoill i Rann na Feirste anocht. Bhí an leabhar as cló le tamall, agus seo an tríú eagrán den leabhar. Labhair Conor Ó Gallachóir le Brídanna agus Eileen faoin ócáid.
6 min
18 June 2026
An Comhairleoir Contae Neamhspleách Micheal Cholm Mac Giolla Easbuig.
Tá sé deimhnithe anois go mbeidh Oifig an Phoist in Anagaire ag druid i gceann 6 seachtainí mar go mbeidh an máistreás poist in Anagaire ag éirigh as go luath agus nár éirí le An Post ina gcuid iarrachtaí duine eile a aimsiú chun an Oifig an Phoist a reáchtáil.
11 min
18 June 2026
Barrscéalta: Déardaoin 18 Meitheamh 2026.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Damien Ó Dónaill agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
57 min
17 June 2026
Cartlann na Céadaoine.
Inniu tá muid ag dul ar ais go dtí’n dara lá déag de mhí Iúil 1996. Thug Séamus Mac Géidigh cuairt ar an tiománaí Pat Mac Eamharcaigh agus é i mbun tástáil leis an charr railí thuas faoi Stáisiún Chaiseal na gCorr.
7 min
17 June 2026
Emma Ní Fhíoruisce Bainisteoir faoi Oiliúint Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.
Labhair Emma faoi na Campaí Samhraidh a bheas ar siúl sa Chrannóg i mbliana agus cad mar atá ag éirí léi ina ról úr mar bhainisteoir faoi oiliúint ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.
4 min
17 June 2026
Aodh Ó Domhnaill Príomhfheidhmeannach Chumann Tairgeoirí Éisc na hÉireann.
Tá Cumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann ag iarraidh ar rialtas na hÉireann díolúintí a lorg d’iascairí na tíre seo ó Chomhbheartas Iascaireachta an Aontais Eorpaigh mar gheall ar thuairimíocht go mbronnfar díolúintí ar an Íoslainn.
6 min